Cúnamh Éireann
Clár cúnaimh oifigiúil Rialtas na hÉireann is ea Cúnamh Éireann, a oibríonn ar son mhuintir na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht agus ar ocras i roinnt de na tíortha is boichte ar domhan. Is rannán muid de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus tá ár gclár cúnaimh mar chuid lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann.
Cad a dhéanaimid
Bímid rannpháirteach le forbairt agus ag tacú le forbairt agus cuirimid cúnamh daonnúil ar fáil freisin. Bíonn ár gcuid oibre dírithe go háirithe ar bhochtaineacht agus ocras a mhaolú san Afraic fho-Shahárach.
Tá comhpháirtíochtaí fadtéarmacha againn le hocht bpríomhthír ar comhpháirtithe iad san Afraic agus san Áise, áit a dtacaímid le hiarrachtaí rialtais agus pobail a bheith i gceannas ar a bhforbairt féin agus an fhorbairt sin a stiúradh.
Cé leis a mbímid ag obair
Oibrímid go dlúth le raon comhpháirtithe forbartha lena chinntiú go mbíonn tionchar ag an gcúnamh a thugaimid do shaol daoine agus do phobail bhochta. Áirítear leis sin rialtais, údaráis áitiúla agus pobail i dtíortha i mbéal forbartha chomh maith le gníomhaireachtaí cúnaimh áitiúla agus idirnáisiúnta. Tacaímid freisin le hobair eagraíochtaí idirnáisiúnta mar an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe.Cé leis a mbímid ag obair
Cad a chaithimid
Leithdháil Éire €637.10 milliún i gCúnamh Forbartha Oifigiúil (ODA) in 2013. Is ionann sin agus 0.46% den Olltáirgeacht Náisiúnta (GNP).
- bhainistigh Cúnamh Éireann €496.7 milliún
- Áiríodh €140.39 milliún trí ranna Rialtais eile agus ár sciar de Bhuiséad Comhoibrithe Forbartha an AE.
Caitear cistí Chúnamh Éireann trí leas a bhaint as meascán cur chuigí maoinithe chun tacú le cláir fhorbartha inár dtíortha comhpháirtithe, obair eagraíochtaí idirnáisiúnta mar na Náisiúin Aontaithe nó an Banc Domhanda, agus obair eagraíochtaí neamhrialtais idirnáisiúnta, náisiúnta agus Éireannacha. Baintear leas as maoiniú Chúnamh Éireann freisin chun tacú le géarchéimeanna éigeandála agus daonnúla.
Conas atá muid freagrach
Ar an gcéad dul síos, táimid freagrach do mhuintir na hÉireann mar a bhainistítear agus mar a dhéantar maoirsiú ar chlár chúnamh oifigiúil na hÉireann. Bíonn an clár faoi réir scrúdaithe ó Choiste Gnóthaí Eachtracha an Oireachtais agus ó Choiste na gCuntas Poiblí.
Agus lena chinntiú go mbíonn cistithe bainistithe mar is ceart agus spriocdhírithe, tá córais iniúchta agus meastóireachta dian i bhfeidhm in Éirinn agus inár bpríomh-thíortha comhpháirtithe. Comhlíonann Aonad Iniúchta agus Meastóireachta de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála iniúchtaí agus meastóireachtaí rialta ar gach clár.
Le haghaidh tuilleadh eolais
Féach ar láithreán gréasáin Chúnamh Éireann chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár cúnaimh thar lear na hÉireann