Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Lá Fhéile Pádraig 2017

Is é Naomh Pádraig éarlamh na hÉireann agus is é an 17 Márta, nó Lá Fhéile Pádraig mar is fearr aithne air, lá náisiúnta na tíre seo. Gach uile bhliain, tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cúnamh i ndáil le breis is 350 imeacht a eagrú in 100 tír ar fud an domhain chun an lá sin a cheiliúradh. Gné lárnach de sin is ea an clár 'Cuir Éire Chun Cinn' faoina mbeidh an Taoiseach, an Tánaiste agus 27 nAire agus Aire Stáit ag triall ar bhreis is 50 cathair in 27 dtír in 2017, lena chinntiú go mbeidh Éire á ceiliúradh ar fud na cruinne.

Deis ar leith is ea Lá Fhéile Pádraig chun feasacht a mhúscailt thar lear i leith na hÉireann agus ár gcuid luachanna. Ar fud an líonra 80 Ambasáid agus Consalacht dár gcuid, bainimid leas as an gceiliúradh lenár gcultúr, ár stair, agus ár gcuid luachanna a chomhroinnt leis an 70 milliún duine de shliocht Éireannach a bhíonn ag ceiliúradh ar fud an domhain, agus chun cur le feasacht an domhain ar Éirinn.

 

Irish Aid Infographic Full - St Patrick's Day