Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Déanann an tAire Flanagan agus Sherlock comhghairdeas le buaiteoirí Dhuais Nobel na Síochána 2014

Cearta an Duine, Cúnamh Éireann, Aire Charles Flanagan, Aire Stáit Sean Sherlock, Na Náisiúin Aontaithe, Preas Ráiteas, An Áise agus an Aigéine, Éireann, 2014

 

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan, T.D., agus an tAire d’Fhorbairt, Tionscnamh Trádála agus Chomhar Thuaidh Theas, Seán Sherlock, T.D., fáilte mhór roimh fhógra ón gCoiste Nobel, go bhfuil Duais Nobel na Síochána 2014 á bronnadh ar ghníomhaire oideachais leanaí na Pacastáine, Malala Yousafzai agus ar fheachtasóir cearta leanaí na hIndia, Kailash Satyarthi.

Dúirt an tAire Flanagan tráthnóna inniu go molann sé an Coiste Nobel de bharr cearta leanaí a bheith mar ghné lárnach dá nduais i mbliana:

‘Is feachtasóirí domhanda eisceachtúla iad an bheirt buaiteoirí agus léirigh siad ardmhisneach agus ardtiomantas ina gcuid oibre chun a chinntiú nár chóir aon leanbh a fhágáil ar lár’.

Rinne an tAire Flanagan comhghairdeas leis an Uasal Kailash Satyarthi, agus thug sé aitheantas do shíoraíocht a chuid oibre agus dá chuid tacaíochta maidir le cearta leanaí agus chomh díograiseach agus a bhí sé i gcoinne fostú leanaí san India ar feadh na mblianta:

‘Tá saol na mílte leanbh feabhsaithe thar cuimse de bharr a thiomantais agus a spreactha. Leagann Éire béim thábhachtach ar chearta bhunúsacha an linbh, agus ba le teann áthais a shínigh mé agus a dhaingnigh mé an 3ú Prótacal Roghnach a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh an mhí seo caite le linn dom a bheith ag na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac. Tá cur chun cinn cearta daonna an linbh, lena n-áirítear a gcearta oideachais, ar cheann de thosaíochtaí na hÉireann mar chomhalta Chomhairle Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe’.

Ag tabhairt dá aire go bhfuil sé dhá bhliain agus aon lá amháin ó lámhach fir ghunna an Talaban, Malala Yousafzai, atá anois 17 mbliana, de bharr í a bheith i mbun feachtais le haghaidh oideachas do chailíní, rinne an tAire Sherlock comhghairdeas léi as an duais a bhaint amach:

‘Táim thar a bheith sásta gur thug an Coiste Nobel aitheantas d’iarrachtaí laochúla Malala maidir le cearta oideachais. Is inspioráid dúinn uile crógacht Malala agus í ag leanúint ar aghaidh lena feachtas le haghaidh oideachas do chailíní’.

‘Léiríodh an t-ardmheas atá uirthi ag aois chomh hóg le linn a cuairt ar Éirinn le déanaí. Tá sí mar eiseamláir ní amháin do dhaoine atá ar chomhaois léi ach, do dhaoine as gach aoisghrúpa ar fud an domhain’.

Bronnadh Duais Síochána Idirnáisiúnta Thiobraid Árann ar Malala Yousafzai in 2012.

Díríonn Éire ar oideachas do chailíní ar roinnt bealaí. Tacaíonn Cúnamh Éireann le hearcú agus le himlonnú múinteoirí ban i gceantair ina bhfuil tinreamh íseal cailíní ag freastal ar na scoileanna ann. Cuireann Cúnamh Éireann scoláireachtaí ar fáil do chailíní chun freastal ar mheánscoileanna in go leor de na Príomhthíortha atá i gComhpháirt leis an eagraíocht, mar shampla Uganda, an tSaimbia agus Leosóto.

Leagann Éire béim láidir ar chórais náisiúnta oideachais a láidriú chun díriú níos géire ar dul chun cinn na gcailíní atá ag tosú freastal ar mheánscoileanna a fheabhsú trí mhapáil, trí mhonatóireacht agus trí dhíriú ar chailíní atá soghonta d’eisiamh ón gcóras scoile. Tacaíonn Cúnamh Éireann leis an gComhpháirtíocht Oideachais Dhomhanda agus cuireann tuairim is €4 mhilliún sa bhliain ar fáil chun tacú le ról domhanda na Comhpháirtíochta a chinntíonn go bhfuil tíortha á spreagadh chun tinreamh na gcailíní a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna agus ar mheánscoileanna ina dhiaidh sin mar thosaíocht dóibh.

 

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
10 Deireadh Fómhair 2014