Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Caibidlíocht chroíúil, thairbheach faoin mBreatimeacht á héileamh ag an Aire Flanagan

Minister Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Bhreatain Mhór, Éireann, 2017

Flanagan: Tiocfaidh athrú ar an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus AE, ach ní mór dúinn naisc dhearfacha a choinneáil beo

– caibidlíocht chroíúil, thairbheach faoin mBreatimeacht á héileamh ag an Aire Flanagan

Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Charlie Flanagan TD, gur cheart fáil réidh go beo le haon mhíthuiscint gur mian leis an Aontas Eorpach "pionós a ghearradh" ar an Ríocht Aontaithe, agus gur cheart an chaibidlíocht a bheith tairbheach agus críochnaitheach. Agus é ag labhairt ag comhdháil faoin mBreatimeacht ag an Scoil Dlí agus Rialtais in DCU, dúirt sé leis an lucht éisteachta – lucht acadúil, iriseoirí agus lucht múnlaithe tuairimí – gur léir ón éileamh méadaithe ar phasanna Éireannacha go n-aithnítear go forleathan gur fiúntach an rud í an bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Sa spreagaitheasc uaidh lenar cuireadh tús leis an gcomhdháil, dúirt an tAire Flanagan:

"Is gearr anois go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus ar ndóigh fógraíodh olltoghchán sa Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. Táimid ag dul ar thuras a d'fhéadfadh cúrsaí a athrú ó bhonn, d'Éirinn, don Aontas Eorpach ach go háirithe don Ríocht Aontaithe. Agus mé ag dul i ngleic leis an ábhar seo, is oth liom féin go fóill nach mór dúinn an bóthar seo a thaisteal. Is é mo thuairim féin – agus tuairim Rialtas na hÉireann – é nach bhfuil an Breatimeacht chun leasa na Ríochta Aontaithe, chun leasa na hÉireann ná chun leasa na hEorpa. Ach ar an láimh eile, aithnímid go gcaithfear cloí le toradh an reifrinn a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh anuraidh.

"Tá a fhios agam go bhfuil an dearcadh céanna sin ag ár gcomhpháirtithe san Eoraip. I mo thuairimse, léirigh an tUachtarán Tusk meon diongbháilteachta sin an phobail, ina bhfuil blaiseadh den díomá, sa ráiteas pearsanta uaidh tar éis dó freagra an Aontais Eorpaigh a thabhairt ar an litir ó Theresa May – " cad is féidir liom a chur leis sin? Mothaímid uainn sibh cheana féin.

"Cé go raibh an tráchtaireacht díreach i ndiaidh an reifrinn ag druidim le hinsint faoina raibh "pionós le gearradh" ar an Ríocht Aontaithe – rud a léiríonn eagla go bhféadfadh socrú a bheadh chun tairbhe na Ríochta Aontaithe fasach a leagan síos a bhféadfadh tíortha eile é a leanúint – tá an bhéim sin athraithe anois. Ní hé atá i gceist againn pionós a ghearradh orthu siúd a imeoidh as an Aontas, ach na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a chur ar a súile dóibh siúd a fhanfaidh ann, agus na buntáistí sin a chosaint agus a dhaingniú. Sílim go bhféadfaimid a rá go cóir go bhfuil an dearcadh polaitiúil sa Ríocht Aontaithe tagtha chun cinn chomh maith – é imithe ar shiúl ó bholscaireacht an fheachtais agus i dtreo bunús a leagan síos le haghaidh caidreamh dearfach leis an Aontas Eorpach feasta."

Rinne an tAire tagairt don teagmháil fhairsing a bhí ag Rialtas na hÉireann leis an Aontas Eorpach agus leis an Ríocht Aontaithe:

"Ó thráth an reifrinn, táim féin, mar aon leis an Taoiseach agus mo chomhghleacaithe sa Rialtas, i mbun rannpháirtíocht dhian lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach lena chinntiú go bhfuil tuiscint acu ar chás ar leith na hÉireann i gcomhthéacs an Bhreatimeachta – níos mó ná 400 coinne, agus tuilleadh coinní romhainn, ar fud an rialtais ar an leibhéal polaitiúil nó ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach. Tá áthas orm go bhfuil toradh ár gcuid n-iarrachtaí le feiceáil – san aitheantas láidir sna dréacht-treoirlínte ón gComhairle Eorpach maidir leis na himthosca ar leith ar oileán na hÉireann, sna tagairtí d'Éirinn sa litir fógra ó Theresa May, agus sa fhriotal tacúil sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cúiseanna imní ar leith na hÉireann."

D'admhaigh sé go mbeadh an chaibidlíocht casta, ach go bhfuil dóchas aige go mbeidh sí tairbheach:

"Cé nach bhféadfainn a ligean orm féin go bhfuil an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar aon intinn faoi gach rud, is cúis dóchais dom é gur mó den teacht le chéile ná den éagsúlacht tuairimí a bhí le sonrú sa tréimhse deich mí atá imithe tharainn, i gcomparáid le mar a bhí cúrsaí ar an 24 Meitheamh 2016: an AE27 ag teacht ar aon intinn faoi Aontas Eorpach láidir a chur chun cinn agus cur chuige aontaithe a ghlacadh i leith na caibidlíochta, agus an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ag teacht ar aon intinn maidir leis an bhfonn atá orthu dlúth-chomhpháirtíocht a bheith eatarthu sa todhchaí agus an gá atá ann scor mí-ordúil ón Aontas a sheachaint. Dá bhrí sin, creideann Éire go láidir gur chóir socrú idirthréimhseach a chomhaontú mar chuid den phróiseas scoir, chun deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú agus lena sheachaint go dtarlódh an toradh ar a dtugtar "cás imeall na haille", lena n-áirítear i ndáil le trádáil, custaim agus earnálacha tábhachtacha eile."

Rinne sé tagairt freisin do cheann de na fadhbanna a rachaidh i bhfeidhm ar Éirinn amháin:

"Ceist eile nach bhfuil a leithéid le réiteach in aon áit eile san Eoraip is ea an fhoráil atá déanta i gComhaontú Aoine an Chéasta "aitheantas a thabhairt do cheart oidhreachta mhuintir uile Thuaisceart Éireann iad féin a aithint mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh, nó mar Éireannaigh agus Briotanaigh araon, de réir mar a roghnaíonn siad, agus go nglacfar leo sa cháil sin." Ciallaíonn sé sin go bunúsach go bhfuil sé de cheart ag beagnach gach duine a rugadh i dTuaisceart Éireann a bheith ina shaoránach Éireannach, agus dá bhrí sin ina shaoránach den Aontas Eorpach.

"Sna seachtainí atá imithe tharainn, ó reáchtáladh an toghchán don Tionól i dTuaisceart Éireann, bhí mé i mbun cainteanna i gCaisleán Stormont a bhí dírithe ar fheidhmeannas comhroinnte cumhachta a bhunú. Ag an tráth tábhachtach, dúshlánach seo do Thuaisceart Éireann agus muid ag teannadh leis an gcaibidlíocht ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, creidim gur ríthábhachtach an beart é feidhmeannas comhroinnte cumhachta a bhunú arís. Beidh mé ag taisteal go Béal Feirste díreach tar éis na coinne seo chun bualadh arís leis na páirtithe agus mé ag súil go bhféadfar iarracht mhór amháin eile a dhéanamh chun toradh dearfach ar na cainteanna a bhaint amach sna laethanta amach romhainn."

Ar deireadh, chonaic sé rud maith amháin a thagann as dúshlán an éilimh mhéadaithe ar phasanna Éireannacha:

"D'fhéadfainn a rá go mb'fhéidir gur cúis dóchais é an t-ardú 68% atá tagtha ar líon na n-iarratas ón mBreatain Mhór agus ó Thuaisceart Éireann ar phasanna Éireannacha sa chéad ráithe den bhliain seo. Tá meas ar shaoránacht an Aontais Eorpaigh. A fhad is a bheidh freastal ar ár saoránaigh i gcroílár na hoibre a dhéanaimid, tá lánmhuinín agam go dtiocfaidh an tAontas Eorpach chun cinn ionas gur níos láidre agus níos aontaithe a bheidh sí amach anseo."

CRÍOCH
An Phreasoifig
20 Aibreán, 2017