Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cistiú €9 milliún do UNCERF fógartha ag an Aire Coveney agus an Aire Cannon

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Tá sé fógartha ag an Aire Coveney agus an Aire Cannon go dtabharfar cistiú daonnúil breise €9 milliún do Lárchiste Freagartha Éigeandála na Náisiún Aontaithe lena leithdháileadh do ghéarchéimeanna tearcmhaoinithe

Inniu d'fhógair an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Simon Coveney, TD, agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, an tUasal Ciarán Cannon, TD, go dtabharfar cistiú breise €9 milliún do Lárchiste Freagartha Éigeandála na Náisiún Aontaithe (CERF) mar fhreagra ar riachtanais dhaonnúla ar domhan, atá ar leibhéal nach bhfacthas roimhe seo.

Mórchiste de chuid na Náisiún Aontaithe is ea an Lárchiste Freagartha Éigeandála a mbaintear leas as i gcomhair freagairt dhaonnúil láithreach nuair a thosaíonn éigeandálaí, i gcásanna atá ag dul in olcas go tapa, agus i ngéarchéimeanna fada nach bhfuil a ndóthain cistithe á ndéanamh orthu. Go dtí seo in 2017, leithdháil CERF níos mó ná $276 milliún ar 28 géarchéim ar fud an domhain, agus géarchéimeanna i Rinn na hAfraice, in Éimin agus sa Nigéir ina measc. Leis an ranníocaíocht bhreise sin ó Éirinn, a fhágfaidh go mbeidh €22m tugtha againn don chiste in 2017, beidh CERF in ann leithdháileadh breise a dhéanamh do ghéarchéimeanna tearcmhaoinithe i mbliana.

Agus an cistiú á fhógairt aige, dúirt an tAire Coveney:

"Is millteanach coscrach é scála agus déine na ngéarchéimeanna daonnúla ar fud an domhain. Tá na milliúin daoine i mbaol mór gorta i Rinn na hAfraice, in Oirthuaisceart na Nigéire agus in Éimin agus tá slad á dhéanamh ag galair cosúil leis an gcalar orthu siúd atá lag de bharr an mhíchothaithe.

Is cúis bhróid d'Éirinn é an cúnamh a thug sí riamh anall do dhaoine i ngátar. Tá trua mhór againn dóibh siúd atá ag fulaingt agus ní fhéadfaimis seasamh i leataobh nuair atá na milliúin ann a dteastaíonn nithe bunúsacha uathu, cosúil le bia, dídean agus uisce glan. Aithnítear ar fud an domhan tiomantas na hÉireann do dhaoine a thabhairt slán trí chúnamh daonnúil agus is treise go fóill a bheidh an iomrá sin orainn de bharr an chistithe seo do CERF."

Dúirt an tAire Stáit Cannon:

"Nuair a ligtear do ghéarchéim sciorradh as na ceannlínte nuachta, nó mura mbíonn trácht uirthi iontu choíche, is deacair an rud é cistiú a fháil chun freagairt di – fiú agus gá mór go fóill le cúnamh daonnúil. Is sásra luachmhar é CERF, sa mhéid is go dtugann sé an deis d'Éirinn chun cistiú solúbtha, tráthúil a chur ar fáil nach bhfuil dírithe ar chuspóir ar leith, agus béim á cur ar ghéarchéimeanna a bhfuil easpa cistithe orthu nó atá 'ligthe i ndearmad', ag teacht leis na spriocanna atá againn i leith an bheartais eachtraigh. I measc na ngéarchéimeanna sin tá cinn i dtíortha cosúil le Poblacht na hAfraice Láir, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus Sead. Is cúis bhróid dom an tacaíocht a thugann Éire go stuama seasta do CERF."

CRÍOCH
An Phreasoifig
3 Lúnasa 2017

Nótaí don eagarthóir: