Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Comhaontú sínithe ag an Aire Coveney chun tacú le pobail leochaileacha Phalaistíneacha

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Inniu in Ramallah shínigh an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Simon Coveney TD, comhaontú lenar bunaíodh comhpháirtíocht nua idir Éire agus an Cuibhreannas um Chosaint an Bhruaigh Thiar. Soláthrófar cistiú €200,000 ina leith in 2017.

Is ar thionscnamh ón gCoimisiún Eorpach a bunaíodh an Cuibhreannas um Chosaint an Bhruaigh Thiar, a bhfuil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus deontóirí idirnáisiúnta páirteach ann, agus a bhíonn ag obair le pobail ar an mBruach Thiar, lena n-áirítear in Oirthear Iarúsailéim.

Ag labhairt dó ag an searmanas sínithe in Ramallah níos luaithe inniu, ar an lá deireanach dá chuairt ar an Meánoirthear, dúirt an tAire Coveney:

"Is comhpháirtíocht thábhachtach nua d'Éirinn í seo agus leagtar béim léi ar ár dtiomantas do mhaolú a dhéanamh ar leochaileacht na bpobal Palaistíneach a bhfuil cónaí orthu i Limistéar C den Bhruach Thiar. Ó bunaíodh é in 2015, bhí ról tábhachtach ag an gCuibhreannas maidir le tacaíocht a thabhairt do phobail atá faoi bhagairt agus comhordú a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear cúnamh ábhartha agus cúnamh dlí."

Is olc go fóill atá cúrsaí daonnúla ar an mBruach Thiar. D'fhág leagan tithe agus srianta ar an tsaoirse gluaiseachta agus ar an rochtain ar sheirbhísí riachtanacha gur goilleadh ar phobail Phalaistíneacha leochaileacha.

Rinne Éire agus ár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach cáineadh seasta ar thógáil lonnaíochtaí neamhdhleathacha Iosraelacha ar an mBruach Thiar, agus ar na díshealbhuithe, an leagan tithe agus na hurghabhálacha talún ó Phalaistínigh atá ina mbunchuid den tionscadal sin. Tugtar tosaíocht ard i mbeartas eachtrach na hÉireann do na hiarrachtaí atá ar bun chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín agus measaimid go bhfuil síocháin chuimsitheach ar bhonn dhá stát cheannasacha, agus deireadh na forghabhála, fíor-riachtanach ar mhaithe leis na Palaistínigh agus na hIosraelaigh araon.

Dúirt an tAire freisin:

"De bharr Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh, agus Éire ina measc, a bheith ina mbaill den Chuibhreannas, léirítear go bhfuil tiomantas suntasach soiléir ag an Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát chun tacú leis an gceart atá ag na Palaistínigh chun fanacht i Limistéar C agus in Oirthear Iarúsailéim, ar comhpháirteanna riachtanacha iad de Stát Palaistíneach amach anseo."

CRÍOCH