Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tacaíocht á athdhearbhú ag an Aire Coveney do ról na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta

Minister Simon Coveney, Preas Ráiteas, Éireann, 2017

Tacaíocht á athdhearbhú ag an Aire Coveney do ról na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar an 17 Iúil, Lá an Cheartais Choiriúil Idirnáisiúnta

Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Coveney, TD, athdhearbhú inniu ar thacaíocht na hÉireann don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

I ráiteas a cuireadh amach chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 17 Iúil, Lá an Cheartais Choiriúil Idirnáisiúnta, dúirt an tAire Coveney:

"Ón uair a bunaíodh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, thacaigh Éire go seasta stuama léi. Creidim go gcothaíonn an Chúirt an smacht reachta agus go seasann sí leis toisc gurb ann di, agus, thairis sin, go soláthraíonn sí bealach ríthábhachtach chun deireadh a chur le cultúr na saoirse ó phionós. Cuidíonn sí, ar an mbealach is bunúsaí, le cás na síochána agus na slándála idirnáisiúnta".

Lean an tAire Coveney ar aghaidh:

"Bhí dúshlán éagsúla le sárú ag an gCúirt ó bunaíodh í. Tá sí tagtha chun cinn anois mar phríomhfhóram an cheartais choiriúil idirnáisiúnta agus bíonn sí gníomhach ar fud réigiúin éagsúla ar fud an domhain. Tá Éire fós tiomanta do thacaíocht a thabhairt d'fheidhmiú éifeachtach na Cúirte d'fhonn cuidiú le cearta an duine a chur chun cinn agus féachaint chuige go mbeidh meas ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ar na leibhéil is airde.

Ceann de phríomhchuspóirí na Cúirte is ea ceartas agus cúiteamh a sholáthar d'íospartaigh, lena n-áirítear mná agus cailíní a bhfuil foréigean inscne fulaingthe acu. Baineann an-tábhacht ina thaobh sin leis an obair a dhéanann Ciste Iontaobhais na Cúirte d'Íospartaigh, a cruthaíodh faoi Reacht na Róimhe freisin. Tá tacaíocht sheasta tugtha ag Éirinn don Chiste Iontaobhais agus táim meáite ar chloí leis an tacaíocht sin."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

"Tacaíonn Éire, mar aon lenár gcomhpháirtithe san Aontas Eorpach, le hiarrachtaí chun féachaint chuige go déanfar Reacht na Róimhe i leith bhunú na Cúirte a dhaingniú agus a chur chun feidhme ar bhonn chomh leathan agus is féidir, agus táim ag tnúth lena cheiliúradh go mbeidh fiche bliain imithe tharainn an bhliain seo chugainn ó glacadh Reacht na Róimhe."

CRÍOCH