Cad is féidir linn a dhéanamh agus cad nach féidir linn a dhéanamh
Má tharlaíonn cás éigeandála duit agus tú thar lear, beidh áthas ar ár bhfoireann chonsalach cúnamh ar bith is féidir a thairiscint duit. Mar sin féin, ní mór duit a bheith ar an eolas go bhfuil teorainn leis an gcúnamh is féidir linn a thabhairt duit.
Is féidir linn an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Pasanna/doiciméid taistil éigeandála a eisiúint (má chomhlíontar critéir áirithe).
- Comhairle a chur ort agus tacaíocht a thabhairt duit i gcás timpiste, tinneas tromchúiseach nó báis.
- Cabhrú leat plé le póilíní nó le húdaráis áitiúla eile, go háirithe má tá bacainn teanga i gceist.
- Teagmháil a dhéanamh le do theaghlach nó le cairde leat thar do cheann.
- Cuairt a thabhairt ort sa phríosún má tá tú faoi choinneáil.
- Airgead tirim a thabhairt ar iasacht duit i gcás éigeandála ar an gcoinníoll go mbeidh an méid atá ag teastáil uait taiscthe linn roimh ré i mBaile Átha Cliath nó i stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána.
- Liosta a thabhairt duit do dhlíodóirí, dochtúirí nó ateangairí a bhfuil Béarla acu sa tír.
- Liosta adhlacóirí sa cheantar a thabhairt duit i gcás báis.
Ní féidir linn an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Comhairle dlí nó comhairle liachta a chur ort.
- A iarraidh go scaoilfí tú saor ó choimeád nó a iarraidh go dtabharfaí cóir fhabhrach duit agus tú faoi choimeád.
- Íoc as cuairt a thabharfadh do ghaolta nó cairde leat ort agus tú sa phríosún.
- A bheith páirteach i ndíospóidí tráchtála ar do shon.
- A bheith páirteach in aon slí sna próisis dlí i dtír eile.
- Do chuid billí leighis nó billí dlí a íoc (fiú ar bhonn sealadach).
- Airgead tirim a thabhairt ar iasacht duit (ach amháin mar atá leagtha amach sa liosta rudaí is féidir linn a dhéanamh).
- Déileáil le do chuideachta árachais ar do shon.